Wolfe Tones na Sionna

Founded 1967

Co. Clare

An t-agallamh beag #3 Kelly

Download our mobile app to hear more about Wolfe Tones na Sionna.

See More

Seachtain na Gaeilge 2022

1.Inniu, cén ról atá agat sa chlub?

Táim ag traenáil an fhoireann camógaiocht,faoi bhun sé, le deich mbliana anuas. Bainim an-taitneamh as.

2.Cé hé/hí an pearsanta CLG is fearr leat inniu?

Tá meas ollmhór agam ar Chloe Morey. Déanann sí cuma gan dua ar an bpáirc imeartha agus tugann sí 100 faoin gcéad i ngach rud a dhéanann sí. Is eiseamláir mhór í do na cailíní óga in ár gclub/gcontae

3.Cad é an rud is tabhachtach a bhuaidh tú?

Bhí an t-ádh orm le himirt i gcluiche ceannais Féile i bPáirc Breathnach,Pórt Láirge. Bhuamar an chluiche ceannais sin. Bhí an craic againn le Eithne ar an mbus ag canadh agus ag pleidhcíocht. Rinneamar cuimhní iontacha agus táim fós ina gcairde le cailíní den fhoireann sin.

4. Ar imir tú leis an gcontae nó aon club eile?

Níor imir mé leis an gcontae bhí mé ró-ghnóthach ag dul go dtí an ‘GAA’ disco!!! D’imir mé gach spórt i Pobalscoil Chaimín Naofa; camógaíocht, peil Gaelach agus sacar. Bhíomar imithe go cluiche gach seachtain! D’imir mé sacar le Newtown/Shannon Hibs chomh maith.

5.Mar imreoir, cad é an t-ionad is fearr leat?

B’fhearr liom lár na páirce. De ghnáth thug na bainisteoirí post dom le dhéanamh. Déarfadh Des nó Toddy ‘Lean uimhir a 7’, thaitin sé sin go mór liom. Bhí mé go maith ag cur isteach ar an bhfreasúra!!!

6.Cén t-athrú is maith leat a fheiceáil is mó sna cluichí CLG?

Táim sásta cloisteáil faoin gcumasc féideartha idir an CLG, ACC agus Peil na mBan. Tá spórt na mban ag dul ó neart go neart agus is mór an rud é a bheith in ann féachaint ar chluichí na mban ar an teilifís. Thángamar le chéile inár gclub cúpla bliain ó shin agus tá an-dul chun cinn déanta againn le chéile. #oneclub

7. Cé a bhuafaidh clucihe ceannais na hÉireann camógaíoche 2022?

Ceann de na ‘Big Three’. B’fhéidir Corcaigh leis an mbainisitíocht nua!!

8. Cad é an turas is fada a rinne tú chun cluiche a fheiceáil?

Cluiche sacair atá i gceist anseo! D'eitilíomar ón tSionainn go Londain. Chodail mé ar bínse san aerfort agus ag a sé ar chlog ar maidin chuamar ar eitilt ó Londain go Milan. Ansin fuaireamar bus ó Milan go Turin. Ar deireadh shroicheamar Stadio Delle Alpi chun Juventus v Arsenal a fheiceáil i gcluiche ceannais ceathrú Sraith na Seaimpíní. Bhí an t-atmaisféar leictreach!

9. An timreoir is fearr leat riamh?

Ba é Seanie McMahon an t-imreoir is fearr liom riamh. Bhí sé ina ghaiscíoch ar an bpáirc. "There are men, then there are men, then there's Sean McMahon".

10. An cluiche is fearr a d’imir tú riamh?

Stop mise ag imirt nuair a chuas go Ollscoil Chorcaí ach is cuimhin liom go maith an chéad cluiche a d’imir mé leis an chlub nuair a tháinig mé ar ais go Sionna. Níor bhuamar ach bhí mé ar bís! Níor thuig mé an méid a chaill mé é!

Download ClubZap

Get live information for Club on the ClubZap App

App Store Google Play