- Cén ról atá agat sa club?
Faoi láthair is traenálaí mé. Bím ag tabhairt cabhair do na cailiní agus buachaillí fé 7 agus 8. Is "imreoir" mé, nuair a bhíonn an t-am agam,leis an bhfoireann Soisir B. Sin an áit ina mbíonn na lúthchleasaithe ceart.
2. An t-imreoir is fearr leat riamh?
Is é Tommy Walsh an t-imreoir is fearr liom riamh, bhí sé dochreidthe.
3.Cad é an rud is tábhachtaí a bhuaigh tú?
Sin ceist suimiúil mar bhíonn sé thar a bheith deacair aon craobh a bhuachan, mar sin bhíonn gach bua tábhachtach. Nuair a bhí mé i St. Caimins, bhuamar Craobh na Mumhan agus d'imríomar i bPáirc an Chrócaigh i gcluiche ceannais na hÉireann. Cé gur chailleamar an lá sin, b'iontach an taithí a bhí ann.
4. Ar imir tú leis an gcontae nó aon club eile riamh?
Rugadh i mBaile Átha Cliath mé agus bhí mé i mo chónaí ann nuair a bhí mé óg. An céad cluiche CLG a d'imir riamh bhí mé ag caitheamh dathanna Erins Isle agus bhí an cluiche i gcoinne Ballymun Kickhams.... agus peil gaelach a bhí ann. Ní dóigh liom gur imir mé peil gaelach riamh arís!
5. Mar imreoir, cad é an t-ionad is fearr leat?
Is maith liom a bheith ag imirt mar cheann de na leath chulaithe.
6. Cén t-athrú is maith leat a fheiceáil sna cluichí CLG?
Ba cheart go mbeadh trí shéasúr cinnte. Ceann don chlub, ceann do chontae agus ceann do na comórtais dara agus triú léibhéal. Tá an iomarca béime curtha ar na comórtais idir-chontae ach ní imríonn níos mó ná 90% de na himreoirí sna cluichí sin.
7. Cé a bhuafaidh cluiche ceannais na h-Éireann san iománaíocht i 2022?
Ceapaim go mbuafaidh Luimneach arís i mbliana, ach tá foireann Co an Chláir ag déanamh dul chun cinn iontach faoi threoir Brian Lohan, so you never know!
8.Cad é an turas is faide a rinne tú chun cluiche a imirt/fheiceáil?
Nuair a bhí mé ag traenáil foireann camógaíochta Co. an Chláir, d'imríomar i gcoinne Aontroma i Dunloy! Turas an-fhada a bhí ann!
9.. An cluiche is fearr a d'imir tú riamh?
Sin ceist deacair freisin! Bhíomar ag traenáil cúpla seachtain ó shin ar an Astro agus d'imríomar cluiche 5 a side san iománaíocht an oíche sin. Bhí mé on fire ar an oíche!