Wolfe Tones na Sionna

Founded 1967

Co. Clare

An t-agallamh beag #1 Maria

Download our mobile app to hear more about Wolfe Tones na Sionna.

See More

1 Inniu, cén ról atá agat sa chlub?
Is imreoir mé sa chlub ar an bhfoireann camogaíochta shóisearacha.

2 Cé hé/hí an pearsa CLG is fearr leat inniu?
Is fearr liom Tony Kelly mar is imreoir díograiseach é.

3 Cad é an rud is tábhachtaí a bhuaigh tú?
Bhuaigh mé Craobh na hÉireann mar bhall den fhoireann Scoil Chuimsitheach Naomh Pádraig ag imirt camógaíochta.

4 Ar imir tú leis an contae nó le haon club eile riamh?
D’imir mé camógaíocht leis an contae agus leis an foireann Chill Mháille

5. Mar imreoir, cad é an t-ionad is fearr leat?
D’imir mé ar chúl ar feadh na blianta ach is fear liom a bheith ag imirt chun tosaigh
6. Cén t-athrú ba mhaith leat a fheiceáil sna cluichí CLG?
Nios mó meas do na réiteoirí
7. Cé a bhuafaidh cluiche ceannais na hÉireann iománaiocht agus camógaíochta i 2023?
Ceapaim go mbuafaidh luimneach san iománaíocht agus ceapaim go mbuafaidh cill chainnigh sa chamógaíocht

8. Cad é an turas is faide a rinne tú chun cluiche a imirt/fheiceéil?
D’imir mé i Ros Comáin agus d’fhéach mé ar chluiche i Loch Garman.

9. Cé hé/hí an t-imreoir is fearr leat riamh?
Is é Brian Lohan an t-imreoir is fearr liom riamh. Bhí mé ar bís nuair a chuala mé glóranna na lucht féachanna nuair a sheol sé an liathróid go dtí an taobh eile den pháirc agus b’aoibhinn liom a chlogad dearg!
10. Cad é an cluiche is fear leat a d'imir tú riamh?
An cluiche is fearr liom a d’imir mé riamh ná an Craobh na hÉireann Féile na Gael I bPortláirge le Wolfe Tones na Sionna.

Download ClubZap

Get live information for Club on the ClubZap App

App Store Google Play